
Bruachbhaile ar an dtaobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath is ea Baile Phib. Tá sé suite idir lár na cathrach, Cabrach, Glas Naíon agus Droim Conrach. Níl sé ach dhá chiliméadar ón Life. Téann an Chanáil Ríoga tríd an gceantar agus is é Coirnéal Uí Dhughaill lár an cheantair.
Le déanaí, cosúil leis an gcuid eile den chathair, tá ardú suntasach ar phraghsanna tithíochta i mBaile Phib. Tá tógálaí chun an t-Ionad Siopadóireachta a hatógáil ar chostas €75 milliún. Tá neart foirgnimh den ré Victeoiriach fós ann agus tá a lán tithe tábhairne traidisiúnta ann chomh maith, mar shampla The Hut nó O'Mahony's.
Tá plean curtha i láthair ag an Rialtas le déanaí ag moladh Príosún Mhuinseo a dhúnadh am éigin i 2008 agus é a hatógáil ar láthair eile i dtuaisceart Chontae Átha Cliath.
Tá leabharlann Bhaile Phib suite ar an gCuarbhóthar Thuaidh (NCR).
Tá an club sacair An Cumann Peile Bóithéimeach suite i bPáirc Chnocán Uí Dálaigh, agus club galf dhá mhaide agus cúirteanna leadóige suite i Shandon.
Tá seirbhísí Bus Átha Cliath i bhfeidhm ann (uimhreacha: 4, 4A, 10, 10A, 19, 19A, 38, 38A, 38B, 38C, 83, 120, 121, 122)
Tá brú An Óige suite ar Shráid Mhuinseo, agus an t-Ospidéal Mater Misercordiae suite ar Shráid Eccles.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History