
| Caoimhín Ó hUiginn | |
|
Leas-Uachtarán na hArd-Chomhairle
|
|
| In oifig 6 Nollaig 1922 – 10 Iúil 1927 |
|
| Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
| Comharba: | Earnán de Blaghd |
|
Aire Dlí
|
|
| In oifig 30 Lúnasa 1922 – 10 Iúil 1927 |
|
| Réamhtheachtaí: | Éamon Ó Dugáin |
| Comharba: | L.T. Mac Cosgair |
|
|
|
| Dáta breithe | 7 Meitheamh 1892 |
| Laois, Éire | |
| Dáta báis | 10 Iúil 1927 |
| Baile Átha Cliath | |
| Páirtí | Cumann na nGaedheal |
Polaiteoir Éireannach ab ea é Caoimhín Críostóir Ó hUiginn (as Béarla, Kevin Christopher O'Higgins; 7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927).
Bhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse. Bhí sé meáite le troid in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta, agus b'éigean dó filleadh abhaile. I rith an Chogaidh Chathartha, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis. Bhí Ruairí Ó Conchúir ar duine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina vaidhtéir ag a bhainis. Dúnmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann agus iad ag baint sásaimh as ar son an Chogaidh Chathartha.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History