Contae Chill Dara


Free Web Hosting with Website Builder
Contae Chill Dara
Íomhá:EireContaeChillDara.png
Achar: 1,693 km²
Príomhbhaile: Nás na Rí
Daonra: 186,075 (2006)
Cúige: Laighin
Brat

Is contae í Cill DaraContae Chill Dara atá suite in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean, ar an taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliatha. D'fhás daonra iarthair an chontae sna blianta beaga anuas; Mhéadaigh an méid tí sna Solláin (bruachbhaile Nás na Rí) faoi sé ó lár na 90í. Tá teorainneacha ag an gcontae le Ceatharlach, Laois, An Mhí, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Contae Átha Cliath.

Is é Comhairle Chontae Chill Dara an t-údarás áitiúil.

Clár ábhair

Stair

Bhunaigh Naomh Eimhín a mhainistir sa 6ú haois i Mainistir Eimhín. Is é baile Chill Dara an baile is sine agus is stairiúla sa chontae.

Gnó

Tá monarcha ollmhór ag an gcomhlacht Intel i Léim an Bhradáin. Bíonn cáil ar an Droichead Nua as ucht na siopaí atá ann.

Bailte i gContae Chill Dara

Is é Nás na Rí príomhbhaile an chontae agus is ann atá Comhairle Chontae Chill Dara.

  • Almu
  • Ard Cloch
  • Áth Garbháin
  • Baile an Chalbhaigh
  • Baile Átha Í
  • Béal Átha an Tuair
  • An Baile Gallda
  • Baile Mór Eustace
  • Baile Uí Bhuadáin
  • Cairbre
  • Cearthach
   

Spórt

Tugtar an leasainm na Lilywhites ar fhoireann CLG Chill Dara. Is tagairt í seo don dath bán a chaitheann na foirne agus atá ar bhrat an chontae.

Tá clú agus cáil ar an gcontae mar gheall ar na capaill d'ardchaighdeán a thagann óna graífheirmeacha. Bíonn féilte rásanna ar súil sa chontae gach bliain. Tá Graí Naisiúnta na hÉireann lonnaithe sa chontae freisin.

Tá 3 ráschúrsa i gContae Chill Dara

  • an Currach
  • Baile Fuinse
  • Ráschúrsa Nás na Rí

Oideachas

Is i Maigh Nuad atá ionad oideachais an chontae. Tá Ollscoil na hEireann Má Nuad agus Coláiste Naomh Phádraig, Maigh Nuad inti. Tá scoileanna triú leibhéal sa chontae:

Naisc sheachtracha


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann






Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History