Contae Thír Eoghain


Free Web Hosting with Website Builder
Contae Thír Eoghain
Íomhá:TuaisceartEireannContaeThirEoghain.png
Achar: 3,155 km²
Príomhbhaile: An Ómaigh
Daonra: 166,516 (meas)
Cúige: Ulaidh

Is í Contae Thír Eoghain an dara contae is mó as na naoi gcontae i gCúige Uladh, atá suite i lár an cúige. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).

Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; Doire sa tuaisceart, Ard Mhacha san oirdheisceart, Muineachán sa deisceart, Fear Manach san iardheisceart, agus Dún na nGall san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le hAontroim i lár Loch nEathach san oirthear.

Tíreolaíocht

Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó in Éirinn (388 km²/150 mílte cearnacha) an phrímhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.

Polaitíocht

Roinntear Tír Eoghain i gceithre Chomhairí Ceantair:

  • Comhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh
  • Comhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas
  • Comhairle Ceantair na hÓmaí
  • Comhairle Ceantair an tSratha Báin

Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt contae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas, agus tá roinnt Tír Eoghain i gComhairle Ceantair Fhear Manach. Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i dTuaisceart Éireann; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomairle le chéile sa toghchán i 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus 2 chomhairleoir neamhspleách. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus Tionól Thuaisceart Éireann, roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí Sinn Féin sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster i 2001 agus 2005; Martin McGuinness i Meán-Uladh, Michelle Gildernew i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus Pat Doherty in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;

Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:

Iarthar Thír Eoghain:

Meán-Uladh:

Bailte i gcontae Thír Eoghain


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann






Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History