Cumann Lúthchleas Gael


Free Web Hosting with Website Builder
Cumann Lúthchleas Gael
Lógó corparáide an CLG
Lógó corparáide an CLG
Ceanncheathrú: Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath
Ballraíocht: 800,000
Teangacha oifigiúla: Gaeilge agus Béarla.
Ard-Rúnaí: Nioclás Ó Braonáin
Foirmiú: 1884
Suíomh gréasáin oifigiúl: http://www.gaa.ie
Lógó traidisiúnta an CLG.

Is cumann spóirt agus cultúrtha Éireannach agus idirnáisiúnta é an Cumann Lúthchleas Gael (CLG) (Béarla: Gaelic Athletic Association (GAA)), atá dírithe don chuid is mó ar na cluichí Gaelacha a chur chun cinn: iomáint, peil ghaelach, cluiche corr, liathróid láimhe agus camógaíocht. Tugann an eagraíocht tacaíocht láidir freisin don Ghaeilge, agus tá an aidhm sin mar chuid lárnach d'imeachtaí an chumainn. Is í an eagraíocht is mó in Éirinn, le 800,000 ball ón sé mhilliún a chonaíonn ar an oileán.

Is iad peil Ghaelach agus iománaíocht na cluichí is coitiantí a cuireann an CLG chun cinn, agus na cluichí is mó sa tír. Tá cumainn ar leith eile do chamógaíocht agus peil Ghaelach na mBan - Cumann Peil Gael na mBan agus Cumann Camógaíochta na nGael.

Clár ábhair

Stair an Chumainn

Bunú an Chumainn

Páirc an Chrócaigh, ceanncheathrú an chumainn.

Bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Fear as Contae an Chláir, Mícheál Ó Cíosóig a bhunaigh an cumann an chéad lá ariamh. Rugadh é sa bhliain 1847 agus cháiligh sé mar mhúinteoir bunscoile ó choláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1877, bhunaigh sé a scoil féin, chun stát sheirbhísigh a réiteach do scrúduithe chun post a fháil le Stát Sheirbhís na Breataine. Tugadh Acadamh Cusack ar an scoil. D'éirigh thar cionn lena chuid scoláirí agus bhain an scoil cáil amach. Tháinig meadú mór dá bharr ar líon na mac léinn agus moladh dóibh a bheith aclaí agus folláin agus gur bé an rud ab fhearr dóibh ná bheith páirteach in imeachtaí aclaíochta.

Fear é Mícheál Ó Cíosóig a bhí tugtha don Ghaeilge agus bhí an-imní air freisin faoin laghdú a bhí tagtha ar stad na h-imeartha i gcuid de na cluichí Éireannacha. Shocaigh sé aghaidh a thabhairt ar an gceist agus cluiche na hiománaíochta a thabhairt chun fóirfe arís. Chas sé le roinnt daoine eile a bhí chomh díograiseach céanna leis féin. Is de bharr an fheachtais seo a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1884 i gCo. Thiobrad Árann. Bhí Charles Stewart Parnell, Mícheál Ó Cíosóig agus Tomás Cróc i measc a phátrúin.

Cuspóirí an Chumainn

An bunchuspóir a bhí ag na bunaitheoirí ná na seanchluichí Tailte a ath-bhunú mar eagraíocht spóirt neamhspléach Éireannach a chuirfeadh cluichí Gaelach chun cinn. Leagadh síos na cuspóirí seo a leanas:

  1. Chun caitheamh aimsirí dúchasacha a chothú agus a chur chun cinn
  2. Chun luthchleasaíocht a oscailt do gach aicme shóisialta
  3. Chun chabhrú i mbunú chlubanna peile agus iomána a eagródh cluichí idir na contaetha

Éachtaí an Chumainn

Murach bunú an chumainn agus iarrachtaí an uasail Cusack, is cinnte nach mbeadh cluiche na hiománaíochta ná na cluichí eile againn inniu. Thug an Cumann deis do dhaoine a bheith páirteach sna cluichí, chuidigh sé leis an mbród agus a bhféin-mheas mar phobal Éireannach. Tá fréamhacha an chumainn fíte fúaite sa bpobal ag léibhéil éagsúla ,sa bparósite, sa gcontae, go réigiúnach agus go náisiúnta. Déanann an CLG freastal ar óg agus aosta. Tá an eagraíocht ar cheann de na cinn is mó ar domhan. Tá 3,000 cumann nó níos mó acu agus is mór an líon a thagann faoi thiochar an chumainn sa gcóras oideachais ach go háirithe. Fiú, tá craobhacha agus foirne an chumainn le fáil ar fud an domhain. Imrítear craobh ceannais na gcluichí i bPáirc an Chrócaigh Baile Átha Cliath, páirc mhór bhreá. Tá cinneadh déanta le déanaí ag an CLG cead a thabhairt do lucht sacair agus rugair Páirc an Chrocaigh a úsáid le linn do Bhóthair Lansdúin a bheith dúnta. Is céim ollmhór chun cinn í seo i stair CLG. Ni fada uainn an lá go mbeidh foirne sacair agus rugbaí an domhain ag imirt inti.

CLG in Éirinn

Tá eagraíocht áitiúil i ngach contae in Éirinn, atá freagrach as na gcluichí Gaelacha a imrítear ann.

     

Seicteachas sa gCumann

Cuireadh i leith CLG go minic go raibh an eagraíocht seicteach agus gur theastaigh uatha pobail éagsúla a choinneáil ón gcumann. Is minic gur é seo an port a bhíodh á sheinnt ag polaiteoirí áirithe i dTuaisceart Éireann. Deir siad go mion minic go raibh an eagraíocht claonta i dtreo náisiúnaithe agus poblachtanaigh agus an Eaglais Chaitliceach. Bhí an argóint ag an gCumann Lúthchleas Gael gur spreag siad daoine riamh le meas a bheith acu ar a dtír agus gach ar bhain léi seachas cúrsaí creidimh. Go deimhin níl aon bhunús leis an argóint sin anois in aghaidh an chumainn agus cead ag póiliní agus saighdiúirí na Breataine ballraíocht a ghlacadh ina gcuid cumann.

Naisc sheachtracha







Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History