Cumann na mBan


Free Web Hosting with Website Builder
Cumann na mBan - Gasra ag máirseáil

Eagraíocht Phoblachtánach Éireannach do na mná ab ea Cumann na mBan a bunaíodh in Aibreán 1914 le cúnamh agus tacaíocht a sholáthar d'Óglaigh na hÉireann. Cé gur eagraíocht neamhspleách a bhí ann, bhí a Choiste Feidhmiúcháin faoi réir ag coiste na nÓglach.

Clár ábhair

Bunú an Chumainn

Sa bhliain 1913, tháinig grúpa ban le chéile in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath, le plé a dhéanamh ar conas a d'fhéadfaidís tacaíocht a thabhairt d'eagraíocht úrbhunaithe na nÓglach. Ar an 14 Aibreán 1914, bunaíodh Cumann na mBan go hoifigiúil i Seomra na gColún i dTeach an Ard-Mhéara. Tugadh Ard-Chraobh ar an gcéad chraobh den Chumann, agus iad ag cruinniú i Sráid Brunswick roimh Éirí Amach na Cásca agus ina dhiaidh.

Cuspóirí an Chumainn

Thagair Bunreacht an Chumainn go neamhbhalbh don ghleic armtha in aghaidh na bhfórsaí Gallda in Éirinn. B'é ba phríomhchuspóir don Chumann, de réir an Bhunreachta, ná "saoirse na hÉireann a chur chun cinn" agus "garchabhair, druileáil chogaidh, comharthaíocht agus cleachtadh raidhfilí" a mhúineadh do na baill, le go bhféadfaidís "teacht chun fortachta d'fhir na hÉireann" in am an ghátair.


Ballraíocht an Chumainn

Is iomaí cineál mná a chuaigh sa Chumann. Bhí an chuid ba mhó acu ina suí go socair, nó múinteoirí agus mná gairmiúla a bhí iontu, ach tháinig cuid nár bheag acu as measc an lucht oibre fosta. I Meán Fómhair 1914, tháinig scoilt ar na hÓglaigh, nuair a d'éiligh John Redmond orthu cuidiú leis an Ríocht Aontaithe in aghaidh na nGearmánach sa chogadh - an Chéad Chogadh Domhanda. Chuaigh an chuid ba mhó de na hÓglaigh le Redmond, ach d'fhan formhór Chumann na mBan dílis don chupla míle Óglach nár thug isteach do Redmond.

Cumann na mBan in Éirí Amach na Cásca

Constance Gore-Booth Markiewicz. Uachtarán Chumann na mBan 1914 go 1927.

Ar an 23 Aibreán 1916, chuir Coiste Míleata Bhráithreachas na Poblachta deireadh ar phleananna na ceannairce. Ansin, d'airigh siad Cumann na mBan mar chuid d'"Arm Phoblacht na hÉireann" in éineacht leis na hÓglaigh agus le hArm Cathartha na hÉireann. Ceapadh Pádraig Mac Piarais ina Ard-Cheannasaí, agus bhí Séamas Ó Conghaile le bheith i gceannas ar an rannán i mBaile Átha Cliath.

Nuair a gheal lá na cinniúna, chuaigh 40 ball de Chumann na mBan in Ard-Oifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill in éineacht leis na fir a shealbhaigh an foirgneamh. Ina measc, bhí Winifred Carney, agus í ag iompar idir chlóscríobhán agus ghunnán Webley léi. Le clapsholas, bhí mná de chuid an Chumainn i ngach garastún de chuid na gceannairceoirí, ach amháin i Muilte Uí Bheoláin, áit a raibh Eamon de Valera i gceannas. Ní raibh de Valera sásta mná a fheiceáil ag troid ansin.

Nuair a thosaigh an chogaíocht, bhí na mná ag troid in aice leis na fir. Thairis sin, bhí siad ag bailiú faisnéise, ag dul amach ag déanamh taiscéalaíochta agus ag iompar arm agus teachtaireachtaí.

Mar shampla, nuair nach raibh an tÉirí Amach ach ag tosú, scaoil an Chuntaois Markievicz urchar piostail i gcloigeann péas in aice le Faiche Stiabhna. Ina dhiaidh sin, bhí sise agus cupla bean eile ag déanamh snípéireachta. I ndiaidh an chéad lá, bhí siad ag iarraidh cead le hÓstán Shelbourne a bhuamáil.

Cúis mhór feirge agus meascán mearaí ab ea é do na saighdiúirí dearga go raibh mná ag troid. Mharaigh siad roinnt bhan de chuid an Chumainn freisin i bpáirc an áir. Ina measc siúd, bhí an tÓglach Margaretta Keogh, a maraíodh in aice le foirgnimh Aontas Átha Cliath Theas.

Nuair a bhí na hÓglaigh á ngéilleadh do na Gaill, chabhraigh mná an Chumainn leis an ngarastún sna Ceithre Cúirteanna an áit a fhágáil. Chuir siad cuid mhaith doiciméad inchoirithe trí thine freisin. Rud as an ngnáth a bhí ann, áfach. In Ard-Oifig an Phoist, mar shampla, d'áitigh an Piarsach ar na mná glanadh leo as an áit Dé hAoine, an 28 Aibreán. Bhí na saighdiúirí dearga díreach ag tosú ag caitheamh sliogáin throma leis an Ard-Oifig, agus an chuma ar an scéal go raibh cuid mhór daoine le bás a fháil faoin mbombardú seo.

Nuair a chinn an Piarsach ar éirí as, d'fhág sé faoi Eilís Ní Fhearaíl, ball den Chumann, a bhí ag obair ina bean ghlúine in Ospidéal Náisiúnta an Mháithreachais, an t-ordú géillte a thabhairt a fhad leis na díormaí d'Óglaigh a bhí fágtha ag troid anseo is ansiúd ar fud na cathrach.

I ndiaidh an Éirí Amach, gabhadh breis is 70 bean, ina measc ceannairí an Chumainn. Coinníodh cuid mhór acu faoi ghlas i gCill Mhaighneann, ach má coinníodh féin, ní raibh ach dáréag acu fágtha i mbraighdeanas ar an 18 Bealtaine 1916.

Tar éis an Éirí Amach

Tar eis an Éirí Amach, leis an Chuntaois Markiewicz mar cheannaire, thóg Cumann na mBan áit chun tosaigh le cheannairí an tÉirí Amach a cheiliúradh, ag eagrú faoiseamh na príosúnaigh agus níos déanaí ag dul in éadain coinscríobh, agus ag iarraidh vótaí a fháil do Shinn Féin in olltoghcháin sa bhliain 1918. Sa toghcháin céanna bhuaigh an Chuntaois Markiewicz suíocháin sa Dáil nua. Ag an am bhí sí fós i bpríosún, ach rinneadh Aire fostaíocht di, don rialtas Poblacht na hÉireann ón mbliain 1919 go 1922.

I rith Cogadh na Saoirse, bhí a baill gníomhach. Chuir siad airm i bhfolach agus fuair siad títhe sábháilte do na hÓglaigh, chabhraigh siad lena cúirteanna Dáil agus údarais aitiúil, agus chuir siad le nuachtáin oifigiúil Poblacht na hÉireann.

San oltoghcháin Bealtaine 1921, toghadh Markiewicz arís chomh maith le baill eile Cumann na mBan Máire Nic Suibhne, Dr. Eithne Inglis agus Caitlín Bean Uí Chléirigh mar Theachtaí Dála.

An Chonradh

Bhí comhdháil le díospóireacht a bheith acu faoi tearmaí an Chonradh Angla-Éireannach. Thug 419 baill de Cumann na mBan vóta i gcoinne an chonradh, le 63 i bhfábhar. Lean Cogadh Cathartha na hÉireann, agus thug a baill tacaíocht do na Poblachtánaigh a bhí i gcoinne an chonradh. Ghabh forsaí an Saorstáit chuid mhaith dóibh agus chuireadh i bpríosún iad.

Tar éis an Chonartha

Mhair Cumann na mBan i ndiaidh an Chonartha, (chomh mhaith le Sinn Féin, airm na poblachta Éireannaí (IRA), Fianna Éireann agus grúpaí eile) rinne siad suas na Poblachtánaigh Éireannach. Chuir rialtas an tSaorstáit cosc orthu i mí Eanáir 1923 agus osclaíodh Príosún Cill Mhaighneann chun mná amhrasach a choinneáil.

Chaill an t-eagraíocht amach go mór le scoilteanna i stair Poblachtánachas in Éireann, d'fhág mná chun bheith mar baill de Fianna Fáil, Clann na Poblachta agus páirtithe eile.

Sa lá atá inniu ann

Thug Cumann na mBan tacaíocht don eite sealadach sa scoilt 1969/70 san IRA agus Sinn Féin. Mharaigh dílseoirí leas uachtaráin agus baill tábhachtach de Chumann na mBan, Máire Drumm sa bhliain 1976. I dTuaisceart na hÉireann rinne Cumann na mBan iomlánaigh leis an IRA i rith na Trioblóidí, cé gur lean siad mar eagraíocht neamspleách sa deisceart.

Sa bhliain 1986, stop an tIRA agus Sinn Féin le polasaí neamh-fhreastálaíocht, bhí Cumann na mBan i gcoinne an chinneadh seo agus d'ailínigh siad le Sinn Féin Poblachtach agus an IRA Leanúnach. Sa bhliain 1995, cuireadh i bpríosún rúnaí RSF agus ball de Cumman na mBan Josephine Hayden i gcomhair sé bliana, ar chúiseamh ag baint le gunnaí a bheith aici.

Uachtaráin

Baill eile a bhí tábhachtach

  • Eithne Inglis
  • Margaret Buckley
  • Kathleen Lane-O'Kelley (nee Shanahan)
  • Caitlín Bean Uí Chléirigh, beantrach de Tomás Ó Cléirigh (Réabhlóidí Éireannach)
  • Máire Comerford






Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History