
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| An Dara Cogadh Domhanda | |||
| Dáta: | 1 Meán Fómhair 1939 - 2 Meán Fómhair 1945 | ||
| Toradh: | Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe ar bun. Nochtadh SAM agus APSS mar ollchumhachtaí. Srl. | ||
| Céilí comhraic | |||
|
|||
| Ceannasaithe | |||
|
|||
| Slua | |||
|
|
|||
| Taismigh | |||
|
|||
Ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ba mhó a cuireadh i rith na fíchiú haoise, agus é le haithint ar fud an domhain. Thosaigh an cogadh ar an 1 Meán Fómhair sa bhliain 1939, ach is féidir a rá go raibh coimhlint bhainteach ar siúl san Áise ón 7 Iúil sa bhliain 1937, nó b'ansin a d'ionsaigh an tSeapáin an tSín an dara huair i rith na haoise. Nuair a tharraing ionsaí na Seapánach ar Pearl Harbour na Meiriceánaigh isteach i gcogadh an Aigéin Chiúin, bhí cogadh na Síne is na Seapáine á fhearadh ar aghaidh mar chuid den Dara Cogadh Domhanda.
An chuid is mó de na tíortha a bhí sáite sa Chéad Chogadh Domhanda, ghlac siad páirt sa dara cogadh freisin, agus bhí cathanna á gcur i ngach aon mhór-roinn ina bhfuil cónaí ar dhaoine daonna. Tríd is tríd, ba é an Dara Cogadh Domhanda an cogadh ab fhairsinge agus ba chostasúla i stair an chine dhaonna.
Is gnáth na cogaithe a roinnt ina dhá mbloc, mar atá, na Comhghuaillithe agus an Fhearsaid. Bhí cuid mhór tíortha beaga ag cur cogaidh freisin, agus iad ag comhoibriú le ceann den dá bhloc, ar chúiseanna praiticiúla níos mó ná ar chúiseanna idé-eolaíochta nó báúlachta.
Ar dtús, ba í an Ríocht Aontaithe an chumhacht ba tábhachtaí de na Comhghuaillithe, agus an Pholainn is an Fhrainc ar an chéad dá chomhghuaillí a bhí aici. Sa deireadh thiar thall, áfach, chuaigh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Sóivéadach chun cogaidh ar thaobh na gComhghuaillithe.
Ar thaobh na Fearsaide, arís, ba iad an Ghearmáin, an Iodáil, agus an tSeapáin na príomhthíortha.
Clár ábhair |
Ar an 1 Meán Fómhair 1939, d'ionsaigh an Ghearmáin, a bhí á rialú ag Adolf Hitler agus ag an bPáirtí Naitsíoch ag an am, - d'ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn. Bhí an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach tar éis conradh rúnda a shíniú faoi chríochdheighilt na Polainne. Ar an 17 Meán Fómhair, chuaigh na Sóivéadaigh chun cogaidh i gcoinne na Polainne chomh maith. Ar an 3 Meán Fómhair ag 11.15 a'chlog de réir Mheán-am Greenwich, d'fhógair an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus an Nua-Shéalainn cogadh in aghaidh na Gearmáine, rud a rinne an Fhrainc sé uaire an chloig ina dhiaidh sin.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History