
| Domhnach Broc | |
|---|---|
| Léarscáil | |
|
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
53.316667° N 6.216667° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann O169318 |
|
| Daonra (2006) | |
| Airde: | |
| Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
| Cúige: | Laighin |
Is ceantar é Domhnach Broc (Donnybrook i mBéarla) i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá sé suite i ndeisceart na cathrach, i gceantar poist BÁC 4. I measc na n-eagraíochtaí éagsúla atá lonnaithe i nDomhnach Broc tá Radio Telefís Éireann (RTÉ). Is é Domhnach Broc ceanncheathrú rugbaí Chúige Laighean. Tá príomhoifigí Chumann Rugbaí na hÉireann os comhair an staidiam i nDomhnach Broc, agus imríonn foireann rugbaí Laighean a gcluichí peile baile sa staidiam.
Clár ábhair |
Ciallaíonn Domhnach Broc Cill Naomh Broc. Ba í Broc duine de sheachtar iníonacha Dhallbhronaigh ó Chontae na Mí. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na Dothra san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilg suite ansin anois.
Ciallaíonn an leagan Béarla de Domhnach Broc, Donnybrook, círéib nó argóint fhiabhrach. Rianaítear síol an fhocail sin siar go dtí an t-aonach a bhíodh ar siúl sa sráidbhaile ón meanaois go dtí an bhliain 1868. Bhí droch-cháil ar an aonach ó thaobh foréigin de, agus rinne an Eaglais Chaitliceach sár-iarracht deireadh a chur leis.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History