Domhnach na Fola (1972)


Free Web Hosting with Website Builder

Úsáidtear an téarma Domhnach na Fola le chuir síos a dhéanamh ar eachtra a tharla i nDoire, Tuaisceart na hÉireann ar an 30 Eanáir, 1972. Fuair 26 duine bás agus iad ag máirseáil i dTaobh an Phortaigh, do Chearta Sibhialta Thuaisceart na hÉireann.

Ceann do na múrmhaisithe i nDoire faoi Domhnach na Fola

B'é cathlán den Reisimint paraisiútáil Sasanach faoin Leifteanantchoirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí dualgasach san oibríocht seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Bhí beirt agóidigh gortaithe nuair a thiomáin gluaisteain na hairm tharthu. Deireann chuid mhaith de na fínneithe (iriseoirí ina measc) nach raibh airm ar bith ag na daoine nuair a scoileadh leo. Gortaíodh cúigear le piléir sa dhroim.

Tá dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:

  • Fiosrúchán Widgery, a rinneadh díreach i ndiaidh an eachtra, dúirt sé go raibh na saighdúirí neamhchiontach, níor thug móran daoine aird nó meas ar an fiosrúcháin seo.
  • Fiosrúchán Saville; bunaíodh é sa bhliain 1998 chun féachaint ar na eachtraí arís, níl sé chríochnaithe fós.

Thosaigh feachtas an t-IRA Sealadach dhá bhliain roimhe seo, ach de bharr eachtraí an lae seo, d'fhás stádas agus méid na heagraíochta. Tá Domhnach na Fola ar cheann de na eachtraí ba thábhachtaí i measc na Trioblóidí sa Tuaisceart, toisc an uair seo bhí an airm bainteach agus ní amhain saighdiúirí paramíleataigh, agus go bhfuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca trí na mean cumarsáide.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.








Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History