
| Fionnradharc | |
|---|---|
| Léarscáil | |
| Daonra (2006) | |
| Airde: | 0.5m |
| Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
| Cúige: | Laighin |
Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Fionnradharc, idir Baile Bocht agus Cluain Tarbh. Tá sé teorainn ar theorainn le Marino, An Trá Thuiaidh agus Baile Bocht freisin. Tá an bóthar iarainn ar an dteorainn theas thoir den cheantar agus Abhainn na Tulchann ar an dteorainn theas thiar.
Tá an ceantar faoi dhlínse Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Téann an phríomhbhóthar ó lár na cathrach go dtí oirthuaisceart na cathrach tríd an ceantar. Tá páirc mór, Páirc Fhionnradharc, ann agus tá linn snámha 50 méadar san Westwoood Club. Tá stáisiún DART ar Bhóthar Chluain Tarbh, gar d'Fhionnradharc. Téann Tollán Calafoirt Bhaile Átha Cliath faoi Fhionnradharc. Tá cuid mhaith d'Fhionnradharc ar thalamh a gabhadh ón bhfarraige.
Tá Scoil Íosaif (meánscoil agus bunscoil) lonnaithe i bhFionnradharc. D'fhreastal an t-iarthaoiseach Cathal Ó hEochaidh ar an scoil. Tá bunscoil do chailíní, Scoil Naoimh Mhuire, sa cheantar freisin.
Tá an reilig Giúdach is sine i mBaile Átha Cliath sa cheantar freisin. Feictear an dáta 5618 ón bhéilire Giúdach ar bhalla na reilige. Cuireadh an corp deireanach ann sa bhliain 1958.
Rugadh an scríbhneoir Bram Stoker, údar an úrscéil Dracula sa cheantar.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History