
Eagraíocht náisiúnaíoch rúnda, faoi mhionn dílseachta, Éireannach ab ea é Bráithreachas na Poblachta nó Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (BPÉ) (Irish Republican Brotherhood (IRB) mar a ghlaoitear air as Béarla). Bhí an eagraíocht dírithe ar Éire a shaoradh ó bhráca Shasana, agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh. D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós Chumann Lúthchleas na nGael agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an tIRA go gairid ina dhiaidh sin.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History