
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cluiche foirne atá san iomáint (nó iománaíocht) ina mbaintear feidhm as maide ar a dtugtar camán agus liathróid ar a dtugtar sliotar. Tá bunús réamhstairiúil ag an spórt, a imrítear in Éirinn don chuid is mó, agus deirtear go bhfuil sé ar cheann de na cluichí foirne is sciobthaí ar domhan. Ceann de na cluichí Gaelacha atá ann, agus is é an Cumann Lúthchleas Gael a reachtálaíonn an spórt. Tugtar an chamógaíocht ar an leagan den chluiche a imríonn mná.
Is é cuspóir an chluiche ná níos mó pointí a bhaint amach ná an taobh eile. Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Tá trastomhas 65mm (2.55 orlach) ag an sliotar agus tá sé clúdaithe le leathair. Déanta as adhmad na fuinseoige, tá an camán idir 26–40 orlach i leith, le ceann leata ar a dtugtar bas. Tá an bas níos mó ar chamán an chúl báire, chun é a bheith ábalta an sliotar a stopadh. Nuair a bhuailtear an sliotar, is féidir é a thiomáint ag 150 km/h agus suas go 100m ar fhad.
Tá baint ag an iomáint le camanachd nó iomain (shinty i mBéarla), cluiche a imrítear don chuid is mó in Albain.
Clár ábhair |
Tá an pháirc imeartha 140 méadar (153 slat) ar fhad, le péire cuaillí ar gach taobh. Tá cuma "H" ar na cuaillí, ar nós cuaillí rugbaí ach tá líon ag a mbun mar atá i sacar. Tá na cuaillí 6.4 méadar (7 slat) óna chéile, agus tá an cuaille trasna 2.13 méadar (7 dtroigh) os cionn na talún. Tá línte trasna na páirce ag 13 méadar, 20 méadar agus 65 méadar ó na cúl-línte. Is é an pháirc imeartha céanna a úsáidtear i bpeil Ghaelach.
Tá cúig imreoir déag i ngach foireann, agus úsáidtear an leag amach céanna i gcónaí. Tá cúl báire amháin (uimhir 1), seisear cosantóir (uimhreacha 2-7), beirt imreoir lar-páirce (uimhreacha 8 agus 9) agus seisear ionsaitheoir (uimhreacha 10-15). Bíonn an cúl báire gléasta i ndath difriúil ó na himreoirí eile. Tá cúigear fear ionaid déag (uimhreacha 16 agus ar aghaidh), agus is féidir cúigear a úsáid in aon chluiche amháin.
Chun an sliotar a bhogadh ó áit amháin go dtí áit eile, is iad na rudaí atá ceadaithe ná:
Is iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe ná:
Déantar pointe nuair a thiomáintear an sliotar idir chuaillí an taoibh eile. Buaitear cúl, le luach trí phointe (nó cúilíní), nuair a chuirtear an sliotar faoin gcuaille trasna. Léiríonn an moltóir brat glas nuair atá cúl déanta. Buaitear pointe amháin (cúilín) nuair a chuirtear an sliotar thar an trasnán, agus taispeánann an moltóir brat bán. Taispeántar na scóranna san fhormáid {cúl}-{cúilíní}. Mar shampla, i gcás cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006, b'é an toradh deiridh Cill Chainnigh 1-16 Corcaigh 1-13 (bhí an bua ag Cill Chainnigh, lé trí chúilín).
Roghnaíodh Foireann na Mílaoise sa bhliain 1999 as na h-imreoirí is fearr a d'imir an spórt idir 1884 agus an bhliain 2000. B'iad an CLG agus na h-iriseoirí spóirt a roghnaigh an fhoireann.
| Cúl báire | |||
| Antóin Ó Roideacháin (Tiobrad Árann) |
|||
| Lánchúlaí deas | Lánchúlaí láir | Lánchúlaí clé | |
| Seán Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
Nioclás Ó Domhnaill (Loch Garman) |
Roibeaird Mac Riocaird (Loch Garman) |
|
| Leathchúlaí deas | Leathchúlaí láir | Leathchúlaí clé | |
| Pádraig Ó Faoláin (Cill Chainnigh) |
Seán Ó Céin (Port Láirge) |
Brian Ó Faoileacháin (Uíbh Fhailí) |
|
| Lár na páirce | |||
| Seán Ó Loingsigh (Corcaigh) |
Lorenzo Ó Meachair (Cill Chainnigh) |
||
| Leatosaí deas | Leatosaí láir | Leatosaí clé | |
| Criostóir Uí Rinn (Corcaigh) |
Mícheál Mac Aodha (Luimneach) |
Séamas Langtún (Cill Chainnigh) |
|
| Lántosaí deas | Lántosaí láir | Lántosaí clé | |
| Éadbhard Ó Cathaoir (Cill Chainnigh) |
Réamann Ó Coimín (Corcaigh) |
Séamas Ó Dúghaill (Tiobrad Árann) |
| Na Cluichí Gaelacha |
||
|
Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr | |
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History