
Oide, file, scríbhneoir agus gníomhaire polaitiúil Éireannach ab ea é Pádraig Anraí Mac Piarais (as Béarla, Patrick Henry Pearse; (10 Samhain 1879 – 3 Bealtaine 1916).
Rugadh Pádraig Mac Piaras i dteach ag 27 Great Brunswick Street (Sráid an Phiarsaigh inniu) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1879. Dealbhadóir Sasanach ab é a athair Séamas Mac Piarais. Fuair sé a chuid bunoideachais ó na na Bráithre Críostaí. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé ag staidéar san Ollscoil Ríoga. Chuaigh sé le dlí i dtosach, ach níor lean sé den cheird sin, nó bhí dímheas aige ar an dlíodóireacht mar rud. Aon uair amháin, áfach, chosain sé fear ón nGaeltacht ar cuireadh an dlí air nuair a litrigh sé a ainm as Gaeilge ar a charr. Chuir sé Scoil Éanna ar bun, arbh í an chéad scoil dhátheangach sa tír le blianta fada. Léirigh sé a dhearcadh faoin oideachas ina leabhar 'The Murder Machine', agus b'í an Scoil Náisiúnta an "meaisín" a bhí i gceist aige, ó bhí sé barúlach gurb í an scoil sin a bhí ag déanamh cabhóg na Gaeilge. Bhí suim aige sa Ghaeilge ó thús a óige. Chuaigh sé i gConradh na Gaeilge sa bhliain 1896 agus bhí sé ina bhall den Choiste Gnó nuair a bhí sé fiche bliain d'aois.
B’iomaí tréimhse a chaith sé i gConamara ag foghlaim na teanga. Thóg sé teach beag ceanntuí dó féin i Ros Muc agus chuir sé aithne mhaith ar mhuintir na háite. Chaith sé tamall ina fhear eagair ar an gClaidheamh Soluis, iris Chonradh na Gaeilge. Nuair a cuireadh na hÓglaigh ar bun, bhí lámh aige san obair sin, freisin - bhunaigh sé buíon acu i Ros Muc. Ba bhall gníomhach de Bhráithreachas na Poblachta (The Irish Republican Brotherhood) é.
Scríobh sé dánta agus scéalta agus drámaí i nGaeilge, m. sh. An Mháthair, Íosagán, an Rí, srl. Scríobh sé cuid mhaith i mBéarla, chomh maith, ag gríosadh na nGael chun troid a chur ar son na saoirse.
Bhí an-tionchar ag a óráid ag sochraid an tsean-Fhinínigh, Diarmaid Ó Donnabháin Rossa ar mheon pholaitiúil na tíre. I bhfad i ndiaidh bhás an Phiarsaigh féin, bhí daltaí scoile ag foghlaim na hóráide de ghlanmheabhraíocht.
Ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916. Toghadh é ina uachtarán ar Phoblacht na hÉireann agus léigh sé Forógra na Poblachta lasmuigh de Ardoifig an Phoist ag tús an Éirí Amach. Mhair an tÉirí Amach ar feadh seachtaine, ach nuair a chonaic an Piarsach an slad a bhí á dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath de bharr na troda chinn sé géilleadh d'Arm na Breataine. Dhaor na Gaill chun báis é, agus cuireadh é féin agus a dheartháir Liam (Willie) chun báis i gclós Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith le dáréag eile de cheannairí an Éirí Amach.
| Éirí Amach na Cásca |
||
| Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
|
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile |
||
| Daoine eile a chuireadh chun báis |
||
|
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bríde | Mícheál Ó Mulláin | Con Colbert | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn |
||
| Éireannaigh tábhachtach eile |
||
|
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Francis Sheehy-Skeffington | Helena Ní Maolomhnaigh |
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History