
Páirtí polaitíochta a bhí gníomhach in Éirinn agus an Ríocht Aontaithe ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois ab ea é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann (Béarla: Irish Parliamentary Party). B'é Charles Stewart Parnell a bhunaigh an páirtí sa bhliain 1882, in áit Léig an Rialtais Dúchais a bhí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn.
Bhí scoilt sa pháirtí nuair a thit Parnell sa bhliain 1891, ach aontaíodh é le chéile arís sa bhliain 1900 faoi cheannais Sheáin Mhic Réamainn agus níos déanaí Seán Diolún. Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 agus an ghéarchéim choinscríobh i 1918, chaill siad a suíocháin ar fad sa rialtas mar bhog fabhar an phobail go dtí Sinn Féin.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History