
Bruachbhaile fairsing de chuid chathair Bhaile Átha Cliath é Ráth Eanaigh nó Ráth Éanna, a shíneann leis an gcósta thoir agus atá suite timpeall ar sheanbhaile. Tá sé idir ceithre nó cúig mhíle (6.5-8 km) ó lár na cathrach ar phríomhbhóthar thoir thuaidh, a shíneann cúpla míle eile nó go mbaineann sé a cheann scríbe, Cnoc Bhinn Éadair, amach.
Tá Ráth Eanaigh ainmnithe i ndiaidh ráth mór a bhí (agus atá) suite i lár an tsráidbhaile. Tá nios mó ná trí thuairim ann faoi fréamh an focal Eanaigh. Meastar gur tháinig an ainm ó thaoiseach (Éanna) a bhí lonnaithe ann fadó, ach tá tuairim eile ann freisin gur eascair an t-ainm ón bhfocal eanach (talamh bog, nó riasc) agus nach bhfuil an baile ainmnithe i ndiaidh duine ar bith.
Tá Ráth Eanaigh suite ar líne an DART.
Tá páirc phoiblí mhór suite idir Ráth Eanaigh agus Cluain Tarbh darbh ainm Páirc Naomh Áine. Is ann a imríonn na clubanna spóirt áitiúla: foireann CLG Ráth Eanaigh agus foireann shacair Ráth Eanaigh Aontaithe.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History