
B'é an Rialtas Dúchais (Home Rule) príomhchuspóir polaitiúil na náisiúnaithe bunreachtúla Éireannacha sa naoú haois déag agus i dtús na fichiú haoise. B'é Páirtí Parlaiminteach na hÉireann a bpáirtí siúd a bhí ag éileamh Rialtas Dúchais d'Éirinn, agus b'iad Isaac Butt, William Shaw agus Charles Stewart Parnell príomhcheannairí an pháirtí agus ailtirí an Rialtas Dúchais mar choincheap. Is éard a bhí ann, go bunúsach, ná an t-éileamh go gcuirfí parlaimint fhéinrialaitheach ar bun d'Éirinn. Níor theastaigh ó lucht an Rialtas Dúchais Éire a scaradh scun scan ón Ríocht Aontaithe.
Ritheadh ceithre Bhille um Rialtas Dúchais na hÉireann, ach níor tháinig aon cheann acu i bhfeidhm ina iomláine.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History