Sráid Uí Chonaill


Free Web Hosting with Website Builder
Séadchomhartha Uí Chonaill ar Sráid Uí Chonaill (Leis an Spuaic taobh thiar de)

Is í Sráid Uí Chonaill príomhshráid Bhaile Átha Cliath, in Éirinn. Thugtaí Sackville Street uirthi, ach athainmníodh í sa bhliain 1924 in ómós don Fhuascailteoir, Dónall Ó Conaill (Daniel O'Connell). Tá an tsráid 500 méadar ar fhad agus suas le 49 méadar ar leithead. Tá Ardoifig an Phoist i lár na sráide, áit a raibh ceanncheathrú Óglaigh na hÉireann le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916.

Suite ar an taobh ó thuaidh d'Abhainn na Life síneann an tsráid ó bhruach na habhann go Cearnóg Pharnell. Tá dealbh de Dhónall Ó Conaill ag ceann amháin den tsráid, agus Parnell ag an gceann eile, agus dealbha eile eatarthu. Bhíodh colún ard i lár na sráide go dtí an bhliain 1966, agus dealbh den aimiréal Sasanach, Horatio Nelson, sa mhullach air, ach pléascadh san aer é an bhliain sin agus níor cuireadh a dhath ina áit go ceann beagnach daichead bliain.

Trasnaíonn an Luas, córas iarnród, an sráid.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.








Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History