Tamhlacht
Is baile mór é Tamhlacht i gContae Átha Cliath Theas, an tríú baile is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Roimh 1970, ní raibh ach cúpla chéad duine ina gcónaí ann agus deireadh muintir chathair Bhaile Átha Cliath go raibh an ceantar amuigh faoin tuath. Tógadh a lán tithe ann le linn na seachtóidí agus d'fhás an baile go tapaidh ó shin amach.
Is é Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ceann de na clubanna is sine i dTamhlacht.
Stair an bhaile
- 769 Bunaíodh Mainistir Naomh Maelruain
- 792 Bás Naomh Maelruain
- 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Maelruain
- 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
- 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
- 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
- 1331/2 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
- 1378 Tháinig Maitiú Mac Réimóind De Bermingham go Tamhlacht chun chuir i gcoinne Chlann Uí Bhrion.
- 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
- 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
- 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
- 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
- 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
- 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
- 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
- 1864 Tógadh Séipéal Naomh Mhuire.
- 1867 Cogadh Thamhlachta.
- 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
- 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta agus bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
- 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
- 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
- 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
- 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
- 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
- 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
- 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán
Gaeilge a dhéanamh.
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History